"Tá Bord Gáis Energy tiomanta chun seirbhís custaiméirí ar ard-chaighdeán a chur ar fáil dár gcustaiméirí gáis nádúrtha go léir. Leagaimid amach ard-chaighdeáin dúinn féin agus déanaimid ár seacht ndícheall iad seo a chomhlíonadh inár gcuid déileála go léir lenár gcustaiméirí".
Freagraíonn an t-eolas thíos na ceisteanna is coitianta a chuirtear orainn agus tugann sé breac-chuntas ar na príomhthéarmaí agus coinníollacha atá againn.
I gcás go bhfuil tú ag iarraidh eolas sa bhreis a fháil, cuir glaoch ar 1850 632 632 le do thoil agus beimid lán-sásta déileáil le do d'fhiosrúchán.
Eolas Teagmhála le haghaidh Bord Gáis Energy
Bí cinnte go mbíonn uimhir do chuntais agat nuair a ghlaonn tú orainn le do thoil, mar ní féidir linn eolas an chuntais gáis a phlé ach le sealbhóir an chuntais. Tá uimhir do chuntas gáis le fáil sa bhosca buí ar thosach do bhille gáis.
D'Fhiosrúcháin na gCustaiméirí go léir:
- (taobh istigh d'Éirinn): 1850 632 632
- (taobh amuigh d'Éirinn): +353 1 602 1495
- Seirbhís Léimh Méadar 24 Uair: 1850 632 632
- Facs: 1850 631 631
- Seoladh: PO Box 10943, Dublin 1.
- Suíomh Gréasáin: www.bordgaisenergy.ie
- Ríomhphost: info@bordgais.ie
Líne Éigeandála Gáis 24 Uair
Má fhaigheann tú boladh gáis nó má cheapann tú go bhfuil gás ag sileadh: 1850 20 50 50
Má cheapann tú go bhfuil sileadh gáis ann, cuir glaoch ar Sheirbhís Éigeandála Bord Gáis Networks láithreach ag 1850 20 50 50. Ba cheart duit an gás a mhúchadh ag an méadar chomh maith. I gcás nach féidir leat dul i dteagmháil lenár n-uimhir éigeandála, ba cheart duit glaoch a chur ar 999. Má tá do ghuthán díreach in aice leis an sileadh, bain úsáid as guthan comharsan nó an guthán poiblí is gaire duit.
Eochair Bhosca an Mhéadair
Beidh ort eochair bosca méadair a fháil chun doras bhosca an mhéadair a oscailt, chun an soláthar gáis a chur ar siúl nó a mhúchadh. Tá sé tábhachtach eochair bhosca an mhéadair a choinneáil in áit shábháilte, inrochtana.
Más gá duit eochair bosca méadair a fháil, cuir glaoch ar Bord Gáis Networks le do thoil ag 1850 200 694.
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?
Má tá tú ag iarraidh gearán a dhéanamh:
Guthán: 1850 632 632
Ríomhphost: info@bordgais.ie
Scríobh chuig: An Bainisteoir Cúram Custaiméirí, Bord Gáis Energy, PO Box 10943, Dublin 1.
Déanfaimid iarracht an gearán a leigheas chun do shástachta ansin. Má chuaigh tú tríd na nósanna imeachta atá ag Bord Gáis Energy agus má mhothaíonn tú nár leigheasadh do ghearán chun do shástachta, is féidir leat an t-ábhar neamhleigheasta a chur ar aghaidh go dtí The Commission for Energy Regulation, The Exchange, Belgard Square North, Tallaght, Dublin 24.
Guthán: 1890 404 404
Ríomhphost: info@cer.ie




